Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh An tSeirbhís um Chartlann Stairiúil Osclaítear cartlann stairiúil an Choimisiúin Eorpaigh don phobal 30 bliain tar éis a cruthaithe. Tá a seirbhís cartlainne féin ag gach institiúid de chuid an Aontais. Sa Choimisiún, is í an tSeirbhís um Chartlann Stairiúil (HAS) a osclaíonn an chartlann stairiúil. Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh Tar éis dóibh iad a oscailt don phobal, cuireann institiúidí an Aontais a gcartlanna stairiúla i dtaisce i gCartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh (HAEU) atá mar chuid den Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans na hIodáile. Tugann HAEU rochtain don phobal ar chartlanna institiúidí an Aontais. Is féidir le haon saoránach ar spéis leo é cuairt a thabhairt ar sheomra léitheoireachta na cartlainne i bhFlórans. Cuireann Cartlann Stairiúil an Aontais Eorpaigh áiseanna aimsithe ar líne (catalóga) ar fáil freisin do na cartlanna atá aici chomh maith le hinneall cuardaigh. Tá na catalóga sin agus cuid de na doiciméid ar fáil freisin trí Thairseach Chartlanna na hEorpa. Oibríonn comhlachtaí éagsúla an Aontais i gcomhar le chéile nuair is féidir chun an chaoi a gcaitear lena gcartlanna a chomhchuibhiú. Chuige sin, tagann an Mheitheal Idirinstitiúideach um Chartlanna le chéile dhá uair sa bhliain.