Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deiseanna maoiniúcháin do dhaoine óga

Na príomhdheiseanna maoiniúchái

Oideachas, oiliúint, an óige agus an spórt

Is éard atá in Erasmus+ clár an Aontais arb aidhm dó scileanna agus infhostaitheacht daoine óga a fheabhsú, cuimsiú sóisialta agus a leas a chur chun cinn, agus cuidiú chun feabhas a chur ar obair don óige agus ar an mbeartas maidir leis an óige ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Is iad an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) nó gníomhaireachtaí náisiúnta i ngach tír a dhéanann gníomhaíochtaí maoiniúcháin a bhainistiú go lárnach.

Comhaltachtaí taighde

Tá Gníomhaíochtaí Marie Sklodowska-Curie ar fáil do thaighdeoirí i ngach disciplín, idir chúram sláinte sábhála beatha agus eolaíocht 'speire goirme' agus eile. Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde (REA) a chuireann na gníomhaíochtaí sin chun feidhme.

Fiontraithe óga

Is é atá i gceist le Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga clár malartaithe le haghaidh fiontraithe lena dtugtar deis dóibh dul ag obair le fiontraí seanchleachta ó thír rannpháirteach eile ar feadh tréimhse idir aon mhí agus sé mhí.

Saorálaithe óga

Tá sé d’aidhm ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach an dlúthpháirtíocht a neartú i sochaí na hEorpa, agus daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta inrochtana ardchaighdeáin. Is deis foghlama é agus deis freisin a gcumas a fhorbairt chomh maith le smaointe úra spreagúla a thabhairt don eagraíocht lena bhfuil siad ag plé. Tacaíonn an clár le gníomhaíochtaí i réimse na hoibre deonaí, na bpost, na dtréimhsí oiliúna agus Tionscadail Dlúthpháirtíochta áitiúla.

Déanann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA)gníomhaireachtaí náisiúnta i ngach tír agus líonra SALTO-YOUTH gníomhaíochtaí maoiniúcháin a bhainistiú go lárnach.

Feirmeoirí óga

D’fhéadfadh feirmeoirí óga a bheith i dteideal íocaíocht bhreise arb ionann í agus 25% den íocaíocht dhíreach a fhaigheann siad. Is d'fheirmeoirí atá faoi bhun 40 bliain d'aois an íocaíocht bhreise agus is faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta a íoctar í.

D'fhéadfadh daoine óga freisin a bheith i dteideal maoiniú a fháil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Tá bearta ina gcuid de gach clár forbartha tuaithe faoinar féidir leis an gciste maoiniú a chur ar fáil do dhaoine óga, ag brath ar thosaíochtaí gach tíre nó réigiúin.

Daoine óga dífhostaithe

Is éard is aidhm don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga atá lonnaithe i réigiúin a bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg os cionn 25% agus nach bhfuil cláraithe le haghaidh clár oideachais ná clár oiliúna faoi láthair. Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, rinneadh an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óga a chomhtháthú i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+) agus caomhnaíodh an fócas ar fhostaíocht na n-óg san am céanna.

Is éard atá sa Ráthaíocht threisithe don Aos Óg gealltanas ó gach Ballstát a chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith

  • ar fhostaíocht
  • ar oideachas leanúnach
  • ar phrintíseacht
  • ar thréimhse oiliúna

laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh an córas oideachais a fhágáil nó a bpost a chailleadh. Is iad na húdaráis bhainistíochta sna Ballstáit a bhunaíonn na scéimeanna sin agus féadfaidh siad tuilleadh eolais a thabhairt faoin Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg agus an Ráthaíocht don Aos Óg.

OSZAR »