Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an nGníomh um Margaí Digiteacha cruthaítear spás digiteach atá níos sábháilte agus níos oscailte do gach úsáideoir, ina dtugtar cosaint dá gcearta bunúsacha agus ina bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí digiteacha ar phraghsanna níos ísle. Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Timpeallacht níos sábháilte ar líne Sa lá atá inniu ann, is féidir mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne chun ábhar neamhdhleathach amhail fuathchaint, ábhar sceimhlitheoireachta nó ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a scaipeadh, chomh maith le hearraí contúirteacha agus táirgí góchumtha a dhíol, nó chun seirbhísí neamhdhleathacha a thairiscint, rud a cuireann saoránaigh i mbaol. Deir 61% de shaoránaigh an Aontais a thug freagra ar shuirbhé gur tháinig siad ar ábhar neamhdhleathach ar líne agus deir 65% díobh nach gceapann siad go bhfuil an t-idirlíon sábháilte lena úsáid, de réir suirbhé Eorabharaiméadair 2018. Athruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:Bealaí éasca soiléire chun ábhar, earraí nó seirbhísí neamhdhleathacha ar ardáin ar líne a thuairisciúOibleagáidí díchill chuí ar na hardáin agus oibleagáidí níos láidre ar na hardáin an-mhór, áit a dtarlaíonn an dochar is tromchúisíIs fearr a bheidh na húdaráis in ann saoránaigh a chosaint trí mhaoirseacht a dhéanamh ar ardáin agus trí rialacha a fhorfheidhmiú le chéile ar fud an Aontais Cosaint níos fearr do thomhaltóirí Níl cearta bunúsacha shaoránaigh na hEorpa á gcosaint go leordhóthanach ar líne faoi láthair. Mar shampla, féadfaidh ardáin cinneadh a dhéanamh ábhar úsáideoirí a scriosadh gan an t-úsáideoir a chur ar an eolas ná deis sásaimh a chur ar fáil dó. Tá impleachtaí móra aige sin do shaoirse cainte na n-úsáideoirí. Creideann 92% de na freagróirí go bhfuil trédhearcacht ó sholáthraithe seirbhíse tábhachtach chun saoirse cainte úsáideoirí a chosaint, bunaithe ar thuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Athruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha: Cuirtear úsáideoirí ar an eolas faoi ábhar atá á bhaint anuas ag ardáin, agus is féidir leo cur ina aghaidh Beidh rochtain ag úsáideoirí ar shásraí réitigh díospóidí ina dtír féin Téarmaí agus coinníollacha trédhearcacha maidir le hardáin Níos mó sábháilteachta agus eolais i dtaca le fíordhíoltóirí na dtáirgí a cheannaíonn úsáideoirí Oibleagáidí níos láidre le haghaidh ardáin an-mhór ar líne i dtaca le measúnú agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí do chearta úsáideoirí ar leibhéal eagrúcháin iomlán a seirbhíse, áit a bhfuil an tionchar is mó ag srianta ar chearta agus ar na rioscaí a bhaineann le hábhar neamhdhleathach nó díobhálach a leathadh go víreasach Sásraí mearfhreagartha ar ghéarchéimeanna lena ngabhann bearta bainistithe riosca breise le haghaidh géarchéimeanna sláinte poiblí agus slándála Cosaintí nua do mhionaoisigh Toirmisc ar fhógraí spriocdhírithe ar ardáin ar líne atá dírithe ar mhionaoisigh nó toirmisc ar úsáid sonraí pearsanta íogaire Rochtain ar shonraí ardáin do thaighdeoirí chun gur féidir leo tuiscint a fháil ar na rioscaí atá ann don tsochaí agus do chearta bunúsacha Saoránaigh agus úsáideoirí cumhachtaithe Sa lá atá inniu ann, baineann ardáin an leas is mó is féidir as cur i láthair faisnéise chun aird a ghabháil agus ioncam a ghiniúint, ach is minic nach mbíonn a fhios ag a n-úsáideoirí conas a dhéanann córais na n-ardán ábhar a shórtáil agus próifíliú orthu. Is féidir bréagaisnéis chontúirteach agus iomadú ábhair neamhdhleathaigh a spreagadh trí ionramháil a dhéanamh ar chórais moltaí agus trí mhí-úsáid a bhaint as córais fógraíochta. Creideann 70% de na freagróirí go scaiptear an bhréagaisnéis trí phróisis algartamacha ar ardáin ar líne a ionramháil, de réir thuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Seirbhísí digiteacha ardchaighdeáin ar phraghas níos ísle An ról sistéamach atá ag cúpla ardán ar líne, tá tionchar aige sin ar shaol na mbilliún úsáideoirí agus na milliún comhlachtaí san Eoraip. Tá tionchar an-mhór ag roinnt comhlachtaí ar mhargaí digiteacha, rialaíonn siad an rochtain a bhíonn orthu agus tá siad sáite go daingean iontu. Is féidir leo coinníollacha éagóracha a fhorchur ar a n-úsáideoirí gnó agus ar a dtomhaltóirí araon. Deir 60% de na freagróirí nach bhfuil roghanna agus roghanna malartacha leordhóthanacha ag tomhaltóirí maidir le hardáin ar líne, mar a léirítear i dtuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí maidir le hUirlis Nua Iomaíochta. Athruithe a dhéanann an Gníomh nua um Margaí Digiteacha: Toirmeasc ar chleachtais éagóracha, rud a fhágfaidh go mbeidh deis ag úsáideoirí gnó níos mó roghanna maidir le seirbhísí nuálacha a thabhairt do thomhaltóirí Idir-inoibritheacht níos fearr le seirbhísí atá mar mhalairt rogha ar sheirbhísí a bhíonn ag geatóirí Deiseanna níos éasca do thomhaltóirí chun ardáin a athrú más mian leo Seirbhísí níos fearr agus praghsanna níos ísle le haghaidh tomhaltóirí
Deir 61% de shaoránaigh an Aontais a thug freagra ar shuirbhé gur tháinig siad ar ábhar neamhdhleathach ar líne agus deir 65% díobh nach gceapann siad go bhfuil an t-idirlíon sábháilte lena úsáid, de réir suirbhé Eorabharaiméadair 2018.
Athruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:Bealaí éasca soiléire chun ábhar, earraí nó seirbhísí neamhdhleathacha ar ardáin ar líne a thuairisciúOibleagáidí díchill chuí ar na hardáin agus oibleagáidí níos láidre ar na hardáin an-mhór, áit a dtarlaíonn an dochar is tromchúisíIs fearr a bheidh na húdaráis in ann saoránaigh a chosaint trí mhaoirseacht a dhéanamh ar ardáin agus trí rialacha a fhorfheidhmiú le chéile ar fud an Aontais
Creideann 92% de na freagróirí go bhfuil trédhearcacht ó sholáthraithe seirbhíse tábhachtach chun saoirse cainte úsáideoirí a chosaint, bunaithe ar thuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.
Creideann 70% de na freagróirí go scaiptear an bhréagaisnéis trí phróisis algartamacha ar ardáin ar líne a ionramháil, de réir thuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha.
Deir 60% de na freagróirí nach bhfuil roghanna agus roghanna malartacha leordhóthanacha ag tomhaltóirí maidir le hardáin ar líne, mar a léirítear i dtuarascáil an Chomhairliúcháin phoiblí maidir le hUirlis Nua Iomaíochta.