Cúlra
Rinne an tAontas Eorpach cáineadh géar neamhbhalbh ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta foréigneacha gan idirdhealú a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023. Chuir sé a dhlúthpháirtíocht le hIosrael in iúl agus leag sé béim ar cheart na tíre í féin a chosaint i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
D’athdhearbhaigh sé freisin a thábhachtaí atá sé cinnte a dhéanamh de go ndéantar gach sibhialtach a chosaint i gcónaí i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
Tar éis na n-ionsaithe sin, tá staid dhaonnúil na bPalaistíneach i Stráice Gaza imithe in olcas go mór mar gheall ar an ngéarú leanúnach ar an gcogaíocht agus ar oibríocht mhíleata Iosraelach a d’eascair as sin, mar aon le himshuí Gaza.
Sa spotsolas
![EU Humanitarian air bridge to Egypt](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/media_avportal_thumbnails/y_4L3dzQPZzYWGxy3ibr852SyVf0vVXuvzpO2NgqQdw.jpg?itok=rk8T-Ww_)
31 Bealtaine 2024 – D’eisíoc an Coimisiún Eorpach an dara tráinse cúnaimh dar luach €25 mhilliún le hÚdarás na Palaistíne faoi chlár PEGASE. Rannchuidíonn an clár, ar fiú €118.4 milliún é, le tuarastail agus pinsin státseirbhíseach ar an mBruach Thiar a íoc, le liúntais shóisialta do theaghlaigh leochaileacha ar an mBruach Thiar agus in Gaza, le hatreoruithe leighis chuig Ospidéil Oirthear Iarúsailéim a íoc agus le tacaíocht a thabhairt d’acmhainneachtaí riaracháin agus teicniúla institiúidí Údarás na Palaistíne. D’eisíoc an Coimisiún €16 mhilliún le UNRWA freisin, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht i leith na ngealltanas a comhaontaíodh.
Breis agus 20 bliain de thacaíocht dhaonnúil agus forbraíochta ón Aontas Eorpach do mhuintir na Palaistíne
Bhí an tAontas Eorpach i gcónaí ar an deontóir idirnáisiúnta is mó do mhuintir na Palaistíne. Thairis sin, tá cúnamh daonnúil á chur ar fáil ag an Aontas do Phalaistínigh atá i ngátar ó 2000 i leith.
Breis agus 20 bliain de thacaíocht dhaonnúil agus forbraíochta ón Aontas Eorpach do mhuintir na Palaistíne
![Humanitarian air bridge operation](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-10/Humanitarian%20aid%20for%20Gaza.png?itok=6nuAOppb)
Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas le déanaí, tá an méid seo a leanas déanta ag an Aontas:
- mhéadaigh sé an tacaíocht dhaonnúil atá á tabhairt aige do na Palaistínigh in Gaza faoi cheathair go breis agus € 103 milliún in 2023
- sheol sé oibríocht Aerdhroichid Dhaonnúil de chuid an Aontais chun soláthairtí tarrthála a thabhairt d’eagraíochtaí daonnúla ar an láthair in Gaza
- chuir sé dlús le cabhair dhaonnúil do na Palaistínigh do 2024
Amhail ó mhí an Mheithimh 2024, a bhuí leis an Aerdhroichead Daonnúil, seachadadh breis agus 2,800 tona cabhrach ar 55 eitilt. Is é is aidhm do na hoibríochtaí éascú a dhéanamh ar chúnamh a shuíomh roimh ré chun tacú le seachadadh tapa cúnaimh do dhaoine atá i ngátar in Gaza.
In éineacht lenár gcomhpháirtithe, tacaímid freisin le cúnamh daonnúil a sheachadadh ar muir trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Tacaíocht dhaonnúil
Tacaíocht d’fhorbairt
Iarrachtaí taidhleoireachta ar choimhlintí a réiteach
Tá an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do shíocháin bhuan inbhuanaithe a bheidh bunaithe ar an réiteach dhá stát trí bhorradh a chur faoi na hiarrachtaí i bPróiseas Síochána an Mheánoirthir.
Tá an tAontas fós i dteagmháil leis na ceannairí réigiúnacha agus tá sé ag leanúint dá iarrachtaí taidhleoireachta, lena n-áirítear:
- Cosaint sibhialtach a iarraidh i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta
- A rannpháirtíocht dhaonnúil sa réigiún a threisiú
- Idirphlé a iarraidh idir Iosrael agus a chomharsana chun leanúint den chobhsaíocht agus den tsíocháin a choinneáil sa réigiún
- Réiteach fadtéarmach a lorg a fhágfaidh go mbeidh síocháin agus slándáil ag cách.
Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta, ábhar neamhdhleathach agus ábhar díobhálach ar na meáin shóisialta
Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael, agus i bhfianaise ábhar neamhdhleathach agus díobhálach a scaiptear ar na meáin shóisialta, tá an Coimisiún i dteagmháil leis na príomhardáin chun a chinntiú go n-urramóidh siad a n-oibleagáidí.
- An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: éilíonn sé sin ar na hardáin mhóra ar líne ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas agus bearta a dhéanamh chun dul i ngleic leis na rioscaí don tslándáil phoiblí agus don dioscúrsa poiblí.
- An Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne: cuireann sé sin ar chumas na mBallstát orduithe baint anuas a sheoladh chuig na hardáin chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig.
Ní ghlacfar leis an bhfuath: An Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha
Tá dlús á chur ag an gCoimisiún freisin lena iarrachtaí an frithsheimíteachas agus an fuath frith-Mhoslamach de gach cineál a chomhrac, trí ghníomhaíochtaí a threisiú ar fud beartais éagsúla, lena n-áirítear an tslándáil, an réimse digiteach, an t-oideachas, an cultúr agus an spórt. San áireamh ann sin maoiniú breise chun ionaid adhartha a chosaint agus tacófar leis sin trí Thoscairí a ainmniú a mbeidh sainordú sainráite acu chun an leas is fearr is féidir a bhaint as beartais an Aontais chun an fuath a chomhrac.