Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh An fáth a ndéanann an Coimisiún meastóireachtaíDéanann an Coimisiún meastóireacht ar dhlíthe, ar bheartais agus ar chláir chaiteachais ar leith lena fháil amach an bhfuil siad oiriúnach don chuspóir atá leo agus ar éirigh leo na hathruithe atá ag teastáil ó ghnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa a chur i bhfeidhm ar an gcostas is ísle.Cuireann seiceálacha agus meastóireachtaí oiriúnachta le socrú tosaíochtaí polaitiúla agus cuireann siad le pleanáil straitéiseach, chomh maith le hathbhreithniú ar bheartais agus ar reachtaíocht atá ann cheana. Cé gur measúnú ex-post ar bheartais atá ann cheana iad meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta, is é an sprioc atá acu ionchur a chur ar fáil d’athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an mbeartas nó ar an reachtaíocht, má mheastar gur gá sin.Cuireann siad le próiseas scagtha struchtúrtha acquis an Aontais – tástáil struis – arb é is aidhm dó a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ábhartha, comhréireach agus oiriúnach chun a chuspóirí a bhaint amach ar an mbealach is costéifeachtaí.Meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachtaIs éard is meastóireacht ann measúnú fianaise-bhunaithe ar a mhéid atá dlí, beartas nó clár maoiniúcháin sonrach de chuid an Aontais:éifeachtach ó thaobh ionchais a chomhlíonadh agus a chuid cuspóirí a bhaint amachéifeachtúil ó thaobh costéifeachtachta de agus comhréireacht na gcostas iarbhír leis na tairbhíábhartha le riachtanais na bpáirtithe leasmhara atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinncomhleanúnach, go hinmheánach agus go seachtrach, le hidirghabhálacha eile nó le comhaontuithe idirnáisiúnta de chuid an Aontaisa mhéid a bhfuil breisluach AE ag baint léi i.e. baintear amach torthaí thar an méid a bheadh bainte amach ag na Ballstáit agus iad ag gníomhú astu féinIs éard is seiceáil oiriúnachta ann meastóireacht a dhéantar ar roinnt gníomhaíochtaí gaolmhara. Díríonn an tseiceáil oiriúnachta ar an gcaoi a dtéann dlíthe, beartais, agus cláir éagsúla i bhfeidhm ar a chéile, agus déanann sí an tionchar iomlán a bhíonn acu a mheas. Meastóireachtaí atá ar na bacáinÁirítear i gClár Oibre an Choimisiúin plean bliantúil meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta, lena gcuirtear tús le próiseas chun tástáil struis a dhéanamh ar stoc reachtaíocht an Aontais. Sa deireadh thiar, déanfar athbhreithniú ar acquis iomlán an Aontais chun a thionchair charnacha agus neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a ghabháil, sin agus chun é a shimpliú. Cuireann an Coimisiún an pobal ar an eolas faoi mheastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta aonair atá beartaithe, atá ar siúl agus atá tugtha chun críche tríd an tairseach ‘Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’. Cuirtear fáilte roimh shaoránaigh agus roimh pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh, freagra a thabhairt ar na glaonna ar fhianaise agus ar chomhairliúcháin phoiblí a fhoilsítear ar an tairseach, sin agus bonn fianaise na meastóireachtaí agus ábharthacht beartais a fheabhsú.Cáilíocht a chinntiúLeagtar síos sna Treoirlínte maidir le Rialáil níos Fearr agus sa bhosca uirlisí a ghabhann leo na caighdeáin chomhchoiteanna is cóir don Choimisiún a leanúint nuair a bhíonn na bearta atá déanta aige á meas. Urramaíonn gach meastóireacht na prionsabail a leagtar amach iontu.Tá sé de chúram ar an mBord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairimí faoi cháilíocht meastóireachtaí ar leith agus na seiceálacha oiriúnachta uile a scrúdú agus a eisiúint.Torthaí na meastóireachtaíTuairiscítear gach meastóireacht agus seiceáil oiriúnachta i dtuarascáil mheastóireachta, i bhfoirm doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin. Foilsítear meastóireachtaí an Choimisiúin ar an tairseach ‘Cloisimis uait: Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas’ ar leathanach an tionscnaimh, i gclár dhoiciméid an Choimisiúin agus in EUR-LexNaisc eile:Rialáil Níos Fearr: cén fáth agus cén chaoi?REFIT – Dlí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos simplí agus níos neamhchostasaí